School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 126
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí croch ar thaobh an bhóthair leath mhíle ó’n nDaingean “Barra an Chroisín” a tugtaí ar an áit go raibh sí. Bhí a lánamha ag siubhal an bhódthair dóibh féin lá. Págánaibh a bhí ionnta agus d’fhéadfaidís a rogha rud do dhéannaimh. Bhí an dlighe ina lámhaibh féin san am san. Dubhairt an bhean le’n a fear ná feaca sí aoinne ríamh a chrochadh. “Dheire, ní fearra duith a fheiscint.” “Ní bheidh mé sásta go b’feichidh mé é.” D’fhéach sé timcheall air féin agus bhí fear ag tuilleamh a phágha dó féin i ngort in aice leo. Glaodhaidh sé anois air. Tháinigh sé aníos cuigis. D’fhiafruigh sé dhó cad é an gnó a bhí aige dhó. Dúbhairt sé leis go raibh a ghnó aige dhó, go raibh sé ag teacht isteach ar daoine eile gur mó a teastuigh uaidh lá págha uatha ná uaidh féin. “Druid i leith chugham.” Níor dhein sé rud ach an slabhra a bhí aige do chur ar a mhuinéal agus do chroch sé é. “Seadh anois” arsa é lé’n a bhean “bhfuilir sásta?” “Nílim” ar sise “Tá aithreachas orm i dtaobh é a dhéanamh.” “Aithreachas fada ort – ní indiu ná indé a bhí an galar ort.”
    Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
    Pádruig Ua Súilleabháin
    Tig na mBocht,
    Cíll Áirne
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry