Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 075
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear. “Alright ach ní fada a coiméadfair an siothcháin airís.” Chuireadar díobh. Casadh isteach i dtig ana bhreágh iad. “Tá ana-droch bhalcuis éadaig ort” arsa fear an tighe. “Tá, ach níl aon leigheas agam air” arsan fear. “Ná bach san. Tá culaith agam agus tabhairfaidh mé duit é.” “Thug sé a ndinnéar chúca annsan. Dubhairt sé leo “aire a thabhairt do’n dtig go raghaidís amach é féin agus bean an tighe ag báilcéaracht dóibh féin.
    “Is féidir leat bheith ag féachaint ar fúd an tighe agus gach aon rud is maith leat ach ná prioceadh aon rud go gcóróchfá an bhabhla atá ar an mbord. “Ní gá duit é sin a rádh liom” ar seisean. “Beidh fhios againn é” arsa fear an tighe. D’imtigh sé féin agus a bhean annsan. Bhíodar ag féachaint ar na pictiúirí, agus na rudaí eile a bhí ann ach ní raibh sí sásta. Nuair a bhí sí cortha ó bheith ag féachaint ar an tighe, cad a dhein sí ach an babhla do thógain in áirde. Dubhairt fear léithe gan baint leis in aon-chor. Ní bheadh sí sásta go dtí go dtógfadh sí in áirde an babhla ó’n bpláta. Cómh luath is thóg sí in áirde é, do léim an luch a bhí istigh amach ar an úrlár. Súid na dhiaidh na luiche a bhí fé. Do bhí sgéul fúar aici. Bhí an luch istigh sa pholl sar a bhféadfadh sé teacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí