Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 001
  3. XML “Na Seacht Dóláis a Bhí ar an Mhaighdin Mhuire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Na Seacht Doláis a bhí ar an Mhaighdean Mhuire.
    An céad dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh caipín dubh Air agus na Iúdaig’ á stracadh.
    Aliliú ó Íosa, aililiú mo leanbh.
    Aliliú ó Íosa, go raibh tú Rí geal na bhFlaitheas.
    An tarna dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh léine garbh Air, agus na córdaí’ á gheárradh.
    An tríomhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Cuireadh ar an gCrois Chéasta é agus a ghéaga leis ar leathadh.
    An ceathramhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh ar choróinn na Páise É ag tabhairt na ngrást d’ár n-anam.
    An cúigeamhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh ar a h-ucht gléigeal É agus é sínte fuar marbh.
    An séamhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh an Choróin Spiárach Air agus a chuid fola leis an dtalamh.
    An seachtmhadh dólás a bhí ar an Mhaighdin nuair a tóruigheadh a leanbh – Chuireadh ins an uaig é agus na flagaí air treasna.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Bhuirtinig
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí