Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: (ní thugtar ainm)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuaidh mise la gaillim ag ceannacht péire broga
agus is ait an péir cheannuig mé i gCandáil Johny Golding
Casadh bean faoi'n mbealach liom agus dubhairt sí go mbfiú ér iad
No dá gcaittteá isteach faoi'n leaba iad go mairfead siad go deo dhuit.
II
Chaitheadar seal san arm ar saighdiúirí Rí Seóirse
'Sa darna seal na dhiaidh sin ar Water guards an chósta
Agus an tríomad seal na dhiaidh sin dul suas in dréimrí rópaí
Ach gur buaileadh thall sa deireadh iad ar Nioclás ceann an bhóthair.
III
Nuair a fhághaimsé féin mo pásde
'Sgearr a mhaireann sí dá h-ól dom
Blaochach puins is ale do chailínibh
Ghá mealladh is ghá bpógadh
Ag íoc tréantachaí cóistí agus carriageochaí
Ag dul thrí Bailte Móra.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Iarnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe