Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 342

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 342

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 342
  3. XML “An Cailín agus an Diabhal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair agus bhí aon inghean amháin aige. Cailín gleoite deas ab'eadh í. Bhíodar ana shaidhbhir, agus ní raibh aon muirghean eile ag a h-athair is a máthair peata mór ab'eadh í. Bhí tig breágh mhór acha agus alán seirbhíseachaibh. An oidhche seo bhí an athair agus an máthair agus an cailín istig san seomra in aice na teine agus bhí na seirbhíseachaibh san cistin.
    Oidhche fuar, fliuch, fiadhain gaothmhar ab'eadh é. Do tháinig cnag ar an ndorus. Léimeadar go léir suas le h-iongnadh féachaint cé a bheadh amuich an oidhche sin. Tháinig fear go dtí an doras agus bhí capall aige. D'iarr sé lóisdín na h-oidhche dho féin agus stábla i gcóir a chapall. Dubhairt sé gur chuaidh sé amú ins an stoirm agus go bhfacha sé an solas san tig agus gur bhuail sé fé na dhéin.
    Thugadar lóisdín na h-oidhche dho agus fáilte. Fear ana dheas dob'eadh é agus thugadar cuireadh dho fanamhaint aca ar feadh cúpla lá. Chómh maith d'fhan. Bhídís ag imirt cártaí gach aon oidhche agus bhíodh an cailín agus an stronnséir ag imirt páirtnéirí i gcómhnaidhe. An oidhche seo bhíodar ag imirt mar ba ghnáth agus bhí an cailín agus an buachaill ag buadhchtaint i gcómhnaidhe.
    Pé rud a imthig ar an gcailín do thuit cárta uaithi. Do chrom sí síos chun é a piocadh suas agus is ansan do chonnaic sí go raibh crúb ag a páirtnéir. Do lúig sí agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Cuill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chorcaí