Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 397

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 397

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 397
  3. XML “Seán agus an Bhean Feasa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean de mhuinntir Thuama na cómhnuidhe in Gort na Sgairte timcheall seasga bliadhain ó shoin. Bhí sí pósta le fear darb'ainm do Seán.
    Buaileadh breoite an bhean, agus bhí sí sa leabaidh ar feadh abhfad. Fé dheire chonnaic an fear nár 'bhí féin a bhí ann in-aon-chor ach sean-iarlais éigin. Bhí saghas bean feasa in aice na h-áite agus chuaidh sé cuichi sin chun comhairle d'fhághail uaithe. Dúbhairt sí leis dul abhaile agus sluasad d'fhághail agus é a chur isteach sa teine go dtí go mbéadh sé dearg agus í a bhualadh sa drom leis.
    Chuaidh sé abhaile agus chuir sé an sluasad sa teine. Bhí an bhean ag faire air. Nuair a bhí sé dearg, rith sé síos sa t-seomra. Léim an bhean as an leabaidh agus amach an doras léi.
    Rith an fear amach ina diaidh. Bhí cnoc ar an dtaobh thiar de'n tig agus bhí lios ann. Suas ansan a chuaidh sí agus an fear na dhiaidh.
    Sar a shroiseadar barra an chnuic d'éirigh leis an buille a thabhairt dí sa drom. D'imthigh sí as a radharc ansan agus tháinig a bhean féin amach as an lios cuige agus shiubhail sí leis abhaile agus mhaireadar go suaimhneasach 'na dhiaidh san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Cuill
    Inscne
    Baineann