Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear 'na chómhnuidhe in-aice le Droichidín Crí i gCluain Droichead darb' ainm do Seán Uá Críodain tímpall caogadh bliadhain ó shoin. Aon oidhche amháin taidhrígheadh do go raibh corcán ór in áit áirithe shíos i Luimnigh. Níor chuir sé aon t-suím ann ar dtúis ach do taidhrigheadh an rud céadna do an oidhche 'na dhiaidh san agus fé dheire do chuaidh sé síos agus dhein sé amadán do féin mar ní raibh fhios aige cá dtabharfadh sé a aghaidh.D'fhan sé ansan ar feadh trí lá agus trí oidhche agus sa deire do tháinig fear cuige agus dubhairt sé leis mar seo "Cad tá agat 'á dhéanamh anso ar feadh na h-aimsire go léir." Dubhairt an fear leis gur taidhrígheadh do go riabh óir in ait áirighthe i gCo. Luimnigh ach ná raibh a fhios aige cá raibh an áit. "Imthigh leat abhaile anois" arsán fear ó Luimnig, "Do taidhrigheadh dómh-sa go minic leis go raibh dhá corcán óir in aice le Droichidín Crí i gCluain-Droichead fé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Diarmuis Ua Fhuartáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí