Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 354

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 354

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 354
  3. XML “Dáth Ua Iarflaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear de mhuintir Larflaithe ina chómhuidhei mBaile-mhúirne uair. Bhí sé posta agus bhí beirt mac aige. Tar-éis roinnt bliadhanta do cailleadh a bhean. Chuaidh sé go dtí an Róimh agus deineadh sagart de. Dáth ab'ainm do duine aca. Nuair a tháinig sé abhaile ina Shagart b'é Dáth a fhreagair an céad aifreann i mBaile-Mhúirne dho.
    Nuair a fhásadar suas do chuaidh an fear eile go dtí an Róimh agus deineadh sagart do. D'fhan Dáth sa bhaile. Do deineadh sagart de'n fear a chuaidh go dtí an Róimh. Nuair a tháinig sé abhaile agus é ina shagart b'é Dáth a freagrairt an céad aifreann a léigh sé i mBaile-Mhúirne dho. Tar-éis tamaill do Phós Dáth agus bhí clann mhór aige. Dubhairt an fear ab'óige gur mhaith leis bheith 'na shagart. Chuireadh go an Róimh é sin leis.
    Tar-éis roinnt bliadhanta tháinig sé abhaile agus é ina shagart. An t-Athair liam ab'ainm do. Is i mBaile-mhúirne a léig sé sin an céad aifreann chómh maith leis an gcuid eile. Do cailleadh athair Dáth ansan. Nuair a bhí an méid sin go léir déanta ag Dáth do bhíodh sé ag maoidheamh i gcómhnuidhe agus deireadh sé "Tá rud mhaith déanta agam anois, rud nár dhein aoinne riamh fós is dócha i mBaile-Mhúirne ar aon chuma. Táim tar-éis aifreann a fhreagairt de'm athair, dom driothár agus de'm mhac, agus rud níos fearr ná san féin an céad aifreann a léigheadar i mbaile-Mhúirne."agus bhíodh sé ana mórdhálach mar geall air,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann