School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair agus bhí aon inghean amháin aige. Cailín gleoite deas ab'eadh í. Bhíodar ana shaidhbhir, agus ní raibh aon muirghean eile ag a h-athair is a máthair peata mór ab'eadh í. Bhí tig breágh mhór acha agus alán seirbhíseachaibh. An oidhche seo bhí an athair agus an máthair agus an cailín istig san seomra in aice na teine agus bhí na seirbhíseachaibh san cistin.
Oidhche fuar, fliuch, fiadhain gaothmhar ab'eadh é. Do tháinig cnag ar an ndorus. Léimeadar go léir suas le h-iongnadh féachaint cé a bheadh amuich an oidhche sin. Tháinig fear go dtí an doras agus bhí capall aige. D'iarr sé lóisdín na h-oidhche dho féin agus stábla i gcóir a chapall. Dubhairt sé gur chuaidh sé amú ins an stoirm agus go bhfacha sé an solas san tig agus gur bhuail sé fé na dhéin.
Thugadar lóisdín na h-oidhche dho agus fáilte. Fear ana dheas dob'eadh é agus thugadar cuireadh dho fanamhaint aca ar feadh cúpla lá. Chómh maith d'fhan. Bhídís ag imirt cártaí gach aon oidhche agus bhíodh an cailín agus an stronnséir ag imirt páirtnéirí i gcómhnaidhe. An oidhche seo bhíodar ag imirt mar ba ghnáth agus bhí an cailín agus an buachaill ag buadhchtaint i gcómhnaidhe.
Pé rud a imthig ar an gcailín do thuit cárta uaithi. Do chrom sí síos chun é a piocadh suas agus is ansan do chonnaic sí go raibh crúb ag a páirtnéir. Do lúig sí agus(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Cuill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Cork