School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean de mhuinntir Thuama 'na gcómhnuidhe i mBaile Mhúirne tímpeall caogadh bliadhain ó shoin. Bhí aon mhac amháin aca agus bhí ana cion aca air. Do buaileadh breóite é agus bhí ana bhrón ortha. Bhí sé i mbaoghail bháis. Cheap gach aoinne go bhfaghadh sé bás. Cheap a mhuinntir féin é.
Thánadar chun na Carraige i gcóír rudaí an tórraimh. Bhí an máthair bocht istig ag gol ó's a cionn. Bhí an buachaill ana ciúin, gan cor as.
Cheap an máthair go raibh sé marbh agus do dhein sí an caoine so ó's a chionn:-"Mo ghrádh thú is mo thaithneamh,
A Shéamuis Uí Thuama a cheana,
Tá do spré-se ag teacht abhaile,
Ní ba, caoirig iad ná capaill,
Ach tobach snaois agus piopaí geala,
Agus coinnlí breághtha fada,
Is ní 'á maoidheamh ag lucht a chaithte,
Ochón a Shéamuisín."
Nuair a tháinig na daoine abhaile is amhlaidh abhí an buachaill níos fearr agus bhí sé ag dul i bhfeabhas as san amach agus ní bhfuair sé bás in-aon-chor.- Informant
- Padruig Ua Cuill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Cork