School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 270
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1.
Bhí triúr driothár ag siubhal an bhóthar lá agus bhíodar ag gabháil thar chlochar agus dubhairt duine aca "Caithfidh mé dul suas anso chun cailín d'fheisgint mar is mé h-uncail" "Caithfidh mé dul suas annso leis chun an cailín céadna d'fheisgint mar is mé a h-uncail leis" arsa'n tarna duine.
"Begor raghad-sa suas anso leis chun í a fheisgint cé nách mé a h-uncail in-aon-chor." arsan trímhadh duine. Cadé an gaol abhí aige léi?
Freagra:-
B'é a h-athair féin é.2.
Driotháracha agus driofúracha ní'lid agam ach athair an fhir sin b'é mac m'athar-sa é. Cunus san?
Freagra:- Bhí an athair ag féachaint ar phictiúr a mhic.3.
Chonnac preachán ag eitilt is cat 'na shuidhe ar a eirbeall Conus san.?
Freagara:- Bhí an préachán ag eithilt agus bhí an cat 'na shuidhe ar a eirbeall féin ach nuair a déarfá é cheapfadh aoinne gurab' amhlaidh abhí an cat 'na shuidhe ar eirbeall an phreácháin.4.
Much ag tóghach agus uibhe ag beirbhiughadh. Conus(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ua Cuill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Cork