Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Dún Átha, Co. an Chláir
- Múinteoir: Ed J. Headtromóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Leathanach 221
- XML “An Cholera 1847, 1848 in Iarthar an Chláir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sí go dona in Íarthar an Chláir agus do marbhuígheadh a lán daoine. Bhí líos í Mágh Fhearta (Carraig a Chabhaltaigh, Co. an Chláir) agus cuireadh na cuirp isteach sa gclais a bhí leath'smuigh den lios agus líonadh fallaí críadha a' leasa isteach ar na corpaibh. Níl rían de'n líos ann anois acht leanadh de nós (cuirp d'adhlachadh san áit) agus sin é a thosnuigh an Roilig í Mágh Fhearta. Tá an áit mhaol gan leacht le feiscint sa Reilig sin go dtí an lá indiú in ar cuireadh na daoine a mairbh an Cholera. Ní oscalóchthar an áit seo go ceann 100 blian ó 1848.Aon pharóiste amháin a bhí annso ó Poll an Oisire go Ceann Léime (san áit go bhfuil Paráiste Carraige a'Chabhaltaigh agus Paráiste Cille Bhaile Eógain anois agus cómhnuigheadh na sagairt í gCarraig a' Chabhaltaigh.Do cailleadh an Sagart Paróiste Father Pat Meehan leis an bpláig. Tháinig Sagart ó Cill Ruis(Father Malachy Duggan) chun an Ola Dhéidheannach do cur ar na daoine tinne. Do cailleadh é freisin leis an gColera,Bhí 40 tíghthe ar an mBóthar Uaigneac le na linn sin, áit nach bhfuil acht ceithre cinn anois. (Dúnátha, Cill-Chaoidhe) leagadh an chuid eile i ndhiaidh imirce agus colera. D'adhlacadh na daoine lom láithreach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Duibhir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Chaoi, Co. an Chláir