Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)

Suíomh:
An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Liam P. Ó Conchubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 214

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 214

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
  2. XML Leathanach 214
  3. XML “Is Minic a Bhíos-sa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is minic a bhíos-sa is dríodar meisge in mo cheann
    Tamall in a dhéig súd rince lag mrbh gan meabhair
    Mo thoice le m'gaoibh is in a beinn sead' leagfainn mo cheann
    Ach anois ó táim claoidhce is sgaipeadh ar mo ghreann
    Is tá bean is páisde agam láimh leis an bhfairrge inóir
    Tá bean is páisde agam láimh le Corcaigh na gcuan
    Tá bean is páisde in gach áit sa nachaidh mé ar chuaird
    Dó an dóigh libh a mhná a bhfuil aon fán ar mo thoice bheag ruadh
    Ar sráid leapa mhóin ba dhóchach dhíbh mise a dhfhághailt
    Cailíní óga gleoite suidhte in mo cháil
    Si Nancy mo rogha gur togha tar a bhfaca de mhná
    Istigh idtigh mhóir is pártar 'gam ar chlar
    Ar amharc an lae lem bhreithre mheallarmo ghrádh
    Nuair a dhairigh na comharsain gur thóg mise Nancy den t-sráid
    D'éirigh a máithrín is árd a ghread sí a dhá láimh
    bhog sí siúd pike is ní bhfuighead-sa Nancy go lá.
    Bhog bhuail mise chúgham is go múinte ar chúl mo ghearráin
    Gabhailt tré bhaile fhinn is binn a bhogfainn léi páil
    Ó bhóthar cúil íseal síos trí Mullaigh an Chnocáin
    Is in Airglinn aoibhinn do bhídheas fas a d'éirigh an lá.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Ruaidhrí Ó Corbáin
    Inscne
    Fireann