Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)

Suíomh:
An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Liam P. Ó Conchubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Maidin ar an Drúcht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maidin ar a' Drúcht
    Ar maidin ar a’ drúcht is mé ag siubhal go pras.
    Chasadh orm an chúilfhionn múinte deas,
    A chumainn gheal is a rúin tabhair dom gean.
    Nó rachaidh mé san úir féd’ chumha gan stad.
    Ní orm-sa ba chóir duit stró a chur seal,
    Mar ní chuirfinn féd chumha acht clú fhir mhaith
    Bhí agam nuachair d’óig-fhear deas
    Is ní fheadar mé nach beó tá mo stór is é ‘teacht
    Cár imthigh sé uait a shuairc bhean dheas?
    Go dtagann a chumha chomh dlúth san leat
    D’imthigh sé uaim is mo chúis fé ndear
    Is tá mo ghustal ró- ghann chún é thabhairt tar n-ais.
    Osgail an doras a spéir-bhean chiúin
    Agus sgaoil mé a chodladh go sásta chúghat
    Beidh an obair seo go thobann in gach áit ar siubhal
    Is go bhfuil fhios ag an bpobal gur bhádhadh é siúd
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Dubhshláinghe
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Currach, Co. Thiobraid Árann
    Faisnéiseoir
    Ruaidhrí Ó Corbáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Uí Bhéacáin, Co. Thiobraid Árann