Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- Suíomh:
- An Chathair, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Liam P. Ó Conchubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ta bó ar an sliabh is taim le seal 'na diaidh
Ó chaillear-sa mo chiall le nuachar
A seoladh síos is siar gach áit a ngabhann an ghrian
Go n-iompuigheann sí aniar um thráthnóna
Nuair a chuimhnighim féin go dlúth ar an áit a bhfuil mo rún
Tagann o'mo shúil dheas deontha
Is a mhic Mhuire gheal na ngras dean fuasgailt ar mo chás
Mar is bean dubh a d'fhág fé bhrón mé.Síor ag tigh an leanna tá mo ghrádh le tamall
'Sí nár thuill riamh guth ná náire.
Tá a píob mar an eala is a croidhe mar an sueachta
'S a coimín seang singil álainn.
A dá chín breaghtha geala nár lámhuigheadh fós le tamall
D'fhár ar mo oidhre mhná seo.
Nuair ghabhann sí amach ar maidiin, caillean an ghrian a taithneamh
Agus umluigheann an ghealach le grádh dhi.Nuair a ghabhaim-se féin amach sois claidhe nó sgailp
No tamaaillín leath-taoibh an bhóthair
Nuair a chríonnaigheann an t-slag ní fhanann uirri aon mheas
Ach a' tnúth leis an mbriunse is óige
Éirígheann an bheach is deunainn sí nead
Le grian is le teas an t-Samhraidh
Is m' óig-bhean bhreagh dheas a d'éaluigh uaim le spreas
Is mo chúig céad slán go deó léi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Ó Dubhshláinghe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Ruaidhrí Ó Corbáin
- Inscne
- Fireann