Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- Suíomh:
- An Chathair, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Liam P. Ó Conchubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- XML Leathanach 203
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Tomás De Búrca d'innis an sgéal seo dom. Sgéal fíór iseadh é agus thuit sé go léir amach sa gcomharsanacht seo. Comhnuidheann muinntear an Phaoraigh sa pharóisde seo go dtí an lá indiú." - M. Ó Dubhshláínghe)
Ins an mblian 1811 ba geur do bhí dlighe a t'Sasanaigh agus ba thruagh an dream bocht a bhí ag marachtain futha an t-am sin in Éirinn. Bhí ministéirí ins a roth uachtarach agus fearaibh agus píléiridhe ag imtheacht ag bailiughadh deachmhanna dóibh. Thángadar 'di paróisde Bhaile Phíocháin. Níorbh é a gcead uair ag teacht é ach níor éirigh leo go maith an lá so pé'n domhan de. D'eirigh muinntir na h-áite ina gcoinne agus d'fhiadheachadar tré ghortaibh agus tré gharrathaibh. Lámhadar a chéile ach ritheadar isteach dtí tigh feirmeóra le n-a-anam ( tigh bhí láímh le port abhainn tearraigh ag Droichead na nGabhar) Bhí fear o'n áit agus léim sé in a ndiaidh isteach tríd an bhfuinneóig agus gabh sé do philéir ar an oifigeach a bhí ortha. Bhí an oiread san sgannradh orra is gur bhain sé deich gcinn de ghunnaibh bhí acu agus cuir sé amach tríd a bhfuinneóig iad. Níor d'aithin aoinne aca é ach d'réir amhrais dhearbhaígheadar ar bhuachaill luath láidir ar b'ainm dó Tomás Paor bhí ina chomhnuidhe mile go leith o'n áit.Ar an am bhí na h-urchair dá lámhach bhí sagart a' pharóisde ag cainnt leis an bParoach istigh na mhacha.Tógadh barántas (cuige) 'na choinne agus tháinig an Gárda fé na dhéin. Tháinig a dearbhshiúir a bhí caillte blianta(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Ó Dubhshláinghe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tomás De Búrca
- Inscne
- Fireann