Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
- Suíomh:
- An Chathair, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Liam P. Ó Conchubhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Deacair is dith ort is fíor gur tusa atá ann
Mar is deacair dul díot nuair luigheann tú sealadh ar greann
Seo guí óm chroidhe cuir díot an talamh anonn.
Is má thagann fear a tighe ort gheobhair díol an bhromaigh sa bhfabhal” (?) Ceannóchad-sa ríbín beidh ró-dheas fighte de’ n chnáib
beidh ceann de ‘ge mo stór is go leor de fighte ar mo láimh
Ar eagla aon stroaire gheobhadh im choinne sa t-sráid
Go mbainfeadh póg nó dó de bhean an daill bháin. Ar chuala tu an t-éad bhí aréir ar mo ridire daill?
Is gan bean ar a’ saoghal ná deanann le fear eile cainnc.
Drisfead-sa an seula is sgaoilfead mo chocól féin gcoill.
A’s ‘se aindeis a tsaogaoil cuir mé féin im ghiolla ‘gceann daill Chuadhar go Tir Eoghain fé dhó lem ‘ ridire daill.
Ar rúd go Newport is go leor de conntae faoi Laighean
Ag imtheacht lem ar fúd bóithre pluide is iad doimhin
Is mo mhallacht go deó do’n té gheobhadh le duine gan radharc Níl bean ins a ‘ tír seo á aoirdeacht a maise is a cáil
Ó Chaiseal na Riogh is as súd ó dheas go Newport.
Ná sgéanfadh mo chroidhe oidhche fhada achaitheamh ina cóir
Sin í eachtra an daill is gan mhoill iseadh bheimíd ag ól.- Bailitheoir
- Mícheál Ó Dubhshláinghe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Ruaidhri Ó Corbáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bhéacáin, Co. Thiobraid Árann