Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Bréagáin”
  4. XML “Gnása atá ag Baint le Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bíonn topa agat. Is féidir é a chasadh ar an urlár agus is mó an ghreann a bhíos ag an aos óig leis. Deineann spól amháin dhá topa.
    Deineann na buachaillí scout guns. Is as plannda mór fada a fhásas sa mhoinfear a deintear iad. Gheibhtear píosa slait agus cuirtear uisge isteach san bpoll atá sa plannda. Tarrainghtear an slat agus imthigheann an tuisge amach as. Tá sé ana chosamhail le teannaire rothair.

    ó m'athair,
    Aodh Mac Siordan
    An Charraig,
    Gleann-Gaibhleann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Dia Luain agus Diardaoin an dá lá is fearr san seachtmhain chun pósadh agus fadó ní deinti na leigheasanna ach amháin Dia Luain agus Diardaoin. Deirtear freisin nach ceart dul isteach nua aon lá i rith na seachtmhaine ach amháin Dia Luain nó Diardaoin.
    Deirtear má tosnuightear ar obair Dia hAoine nach mbeidh sé críocnuighthe go luath agus má tosnuightear ar obair ar bith Dia Sathairn nach mbeidh deireadh leis go deo.
    Má cuirtear gáirleóg ar an seachtmhadh lá déág de Mhárta - lá 'le Padraig agus má baintear é ar an gcúigeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin