Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 250

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 250

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 250
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bhíodh an solus sin aca freisin.

    Bhíodh bascáid déanta san áit seo fadó. Sé an chaoi a déintí iad ná: Cuireadh na daoine na slait síos chun lad a bheirbiú agus thuitfeadh an croiceann díobh. Annsin is as na slait a deintí iad. Siad na daoine a dhéanadh na bascáid ná Micheál Mac Samhráin as Mullaigh, Gleann-Gaibhleann, Seán Mac Samhráin agus Pronnsias Mac Samhráin as Corraglas, Gleann-Gaibhleann, agus Peadar Mac Samhráin as Lisbeah, Gleann-Gaibhleann, Co. an Chabháin.

    Fígheadóireacht:
    Bhíodh an figheadóireacht ar suibhal san áit seo fadó. Nuair a bhíodh an líon réidh aca chuiridís i bpoll uisge é agus clocha móra troma os a chionn chun é a choimeád fé uisge. Na dhiaidh sin tugadh as an pholl é. Lasadh teine mhór i sgioból bhíodh bíomaí os cionn na teine agus cuireadh an líon ar na bíomaí chun é a thiormú. Nuair a bhíodh sé tirim deintí é a scothadh. Na mná is mó a rinne an obair sin. Bhíodh dhá phíosa adhmaid aca mar seo lámh-fhada cuimhais géar (pictiúr) i gcóir na hoibre.
    Nuair a bhíodh an sgothadh ar suibhal ag na mná bhíodh an spórt is siamsa aca. Thagadh sluagh mór aca go teach éigin agus dhéinidís an obair ann. Taréis na hoibre bhíodh féasta is damhsa aca. Bhíodh lá an ghnóthach ag bean a' tighe sin ag déanamh cácaí min-coirce i gcóir na hoidhche. Dheineadh sí maisteadh chomh maith ionnus go mbéadh im úr aca. Ní bhíodh tae ar bith aca ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Tomás Mac Siordan
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Moneensauran, Co. an Chabháin