Scoil: Corrabha (Curravagh)

Suíomh:
Currach Bheatha, Co. an Chabháin
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0965, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Corrabha (Curravagh)
  2. XML Leathanach 237
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Buachaill a bhí ins an áit seo gus pósadh le cailín leam-deas (an-deas) é. Ní raibh sé i bhfad pósta gur thuit sé isteach in droch shláinte. Dubhairt an dochtúir nach raibh a leigheas le fághail. Bhí an bhean óg a' gol agus dhéarfadh sí nach mairfeadh sí tamall ar bith nuair a gheobhadh seisean bás. Tháinig dearbhráthair an bhuachalla agus dubhairt sé nach mbeadh sé i bhfad marbh go mbeadh a bhean pósta aríst. "Dhe" arsa an buachaill tinn"beidh sí féin marbh sul a mbeidh mise tá sí chomh buaidheartha in mo thimcheall". "Bheul" arsa an dearbhráthair, "beidh fhios agat anocht cé thiocfaidh. Lomfaidh me an coileach Franncach atá amuigh annsin agus bíodh tusa in do shuidhe taobh amháin den tighe agus bíodh sise taobh eile. Leigfidh mé isteach an coileach franncach idir a' dá sholas. Fiafrócaidh an bhean caidé sin atá a' teacht isteach. Abair tusa gurab é a' bás atá ann". Leig isteach an coileach franncach idir a' dá sholas. agus bhí sé a' síneadh a mhuinéil agus a' tigheacht aníos ag a' mhnaoi óig. "As ucht Dé" arsa an bhean "caidé a thainig isteach". "Sin a bás" ar seisean "atá ag teacht im choinne". Nuair a bhí sé a' teacht ró-chomhgarach don bhean chraith sí lámh air agus dubhairt sí leis go raibh sé a dul ar seachrán. "Siúd thall é, Siúd thall é," ar sise.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Shiordan
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carrick West, Co. an Chabháin
    Faisnéiseoir
    Seán Maghuidir
    Aois
    c. 80
    Seoladh
    Log na gCnó, Co. an Chabháin