Scoil: Synge, Inagh (uimhir rolla 14440)

Suíomh:
Glennageer, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Flynn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 301

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Synge, Inagh
  2. XML Leathanach 301
  3. XML “Sceach Mhac an Chró”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag an droichead. Níor chaill sé aon am acht do thosnuigh sé ag cuartach is ag lorg go dian an sparán a bhí geallta dhó. Bhí sé ag siubhal siar is aniar agus ag féacaint thall is i bhfus acht ní raibh an sparán le faghail aige ná a rian. D fhan sé ag cuartach i gcaitheamh an lae sin agus fuair sé lóistin na hoidhche ins an gcathair, agus go moch ar maidin lae'r na bhárach bhí sé ag an droichead arís, acht níor éirigh leis pioc níos fearr. Fá dheireadh, nuair bhí sé amach timcheall an mheadon-lae, do chaill sé a mhisneach. Do sheas sé suas ar an droichead, tarraing os na throm, agus thug suas an tóir.
    Bhí sé chomh gnóthach soin ag cuartach i gcaitheamh na maidne nár thug sé fá ndeara fear beag liath bhí ina shuidhe dhó féin ag cuinne an droichid agus cliabh beag in a láimh in a raibh rudaí beaga le díol aige. Bhí seisean ag faire ar Sheaghán agus iongantas mór air, mar gheall ar an gcuma ina raibh sé súid 'gá iomhcar féin. Anois nuair a chonnaic sé Seaghán ina seasamh, do chomharthaigh sé leis druidim aniar chuige, agus do labhair leis.
    Táim ag féachaint ort le tamall ar seisean "céard atá uait, nó an bhfuil dada caillte agat, go bhfuil tú 'gá lorg comh díograsach soin?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Sceach Mhic Conchró, Co. an Chláir