Scoil: Synge, Inagh (uimhir rolla 14440)

Suíomh:
Glennageer, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Flynn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Synge, Inagh
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Sceach Mhac an Chró”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I gceart lár Conndae an Chláir, thimcheall le deich míle leat-is-tsiar d'Inis, ag bun Sléibhe Challáin, tá gleann beag uaigneach ar a nglaodtar, anuas go dtí an lá atá ann indiu, baile Mhic an Chró. Is fuar fiadhain an áit é, agus is bocht an talamh atá ann, go deimhin ba deachair do dhuine slighe beathadh do bhaint amach ann in aon chor. Acht pé'r domhain é timcheall le céad bliadhain ó shoin, bhí fear d'arbh ainm Seaghan Mac Domhnaill in a chomhnuidhe sa mbaile úd.
    Bhí bothán suarach aige i lár an phortaigh, agus ba chruaidh mí- cairbheach an saoghal a bíodh aige ag obair moch is deidheannach ag iarraidh cíos trom a dhíol agus slighe beathadh a shaothrughadh dó féin is dá mhuirighin fhada.
    Fear cneasta cóir beadh Seaghan. Ní raibh sé ina nadúr a bheith ag turmus ná ag cnaimhseáil fá na chruadh-chás i gcomhnuidhe. Ba ghnáthach leis an saoghal a thógaint go bog réidh, agus do mhair sé go sona sásta go leor. Acht, má bhíodh a laetheanta anrótach féin do bíodh a oidhcheanta suaimhneasach má bhíodh sé ag obair go cruaidh i rith an lae, chodlóchadh go headarthrath lá ar na bhárach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Sceach Mhic Conchró, Co. an Chláir