Scoil: Synge, Inagh (uimhir rolla 14440)
- Suíomh:
- Glennageer, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Flynn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Synge, Inagh
- XML Leathanach 300
- XML “Sceach Mhac an Chró”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhíodh sé ag taidhbhreamh go minic. Oidhche a bhí sé sínte ar a leabain, agus é 'na chodladh, bhí taidhbhreamh ionghantach aige, Ceapadh dó, dá dtéidheadh sé go droichead i gcathair Luimnigh, go bhfaigheadh sé sparán lán d'ór agus d'airgead ar leacannaibh an droichid. Foillfigheadh dhó an sparán agus an áit in a raibh sé le fagháil aige chomh cruinn sin gur bhféidir dó an taidhbhreamh a glaodach chum a chuimhne ar maidin nuair d'éirigh sé, acht sé a chuir ionghantas air, ar fad , nuair a tháinig an taidhbhreamh áirithe céadna chuige an dá oidhche in a dhiaidh sin. Nuair a dhúisigh sé, maidin an tríomhadh lae, dubhairt sé leis féin, go dtiubhradh sé turas go dtí droichead Luimnigh, agus bfhéidir go dtiocfadh a taidhbhreamh fíor. Ní túisge do bhí grian moch an t-Samhraidh in a suidhe ná phreab sé as a leabain, agus tar éis beagán bidh a caitheamh, is gan fógra na eile do thabhairt dá mhnaoi ar an dturus a bhí sé chum a dhéanamh, bhuail sé an bóthar mór go Luimneach agus dócas árd in a croidhe istigh. Dá fhaid an bóthar, níor bhfada bhí sé gá chur de, agus sul dá raibh morán daoine in a suidhe sa gcathair bhí Seaghan(leanann ar an chéad leathanach eile)