Scoil: Cromadh (B.)

Suíomh:
Cromadh, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0507, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0507, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromadh (B.)
  2. XML Leathanach 014
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    In Cuid a hAon I referred to mounds beside the River Camóg, one opposite Poll an Chró (Powlacrow) and the other on the farm of Mr. Thos Biggane, Tullovin, Banoge Parish.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    and here again only that line is extant. I do not understand Looney's. Is it suaimnear
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Do bhí dochtuir i baróiste Mainistir na Féile ...

    Fuairtheas an giota seo leanas ó'n Áthair T. O Cuirtín (80 bl.) d'éag 24/8/36 S.P. Canónach Cromadh: do bhí dochtuir i bparóiste Mainistir na Féile timcheall caoga bliadhain o shoin. O'Conaill a b'ainm do. Chaith sé tamall dha shaoghall i bparóiste Maoilín ar dochtúireacht, leis. Dein sé lámh-scríbhinn a thaisbeán in aoinfheacht le raidai eile, geinealach na nUa Conaill go ré Ádaim. Ar na neithe eile a bhí sa scríbhinn, bhí béaloideas iarthair Luimnighe a thrácht as nosa is béarsa muintir an cheanntair sin. Innistear innte ar nós a bhiodh ag na mnáibh i nIar-Luimnigh, i dtuaisceart Ciarraidhe agus i dtuaisceart Corcaige, turas a dhéanamh ar Uaigh Naomh Íde i gCill Íde. Na mná a bhiodh taobh-trom agus ná beadh ach droch-ionntaoibh aca asta féin an lá a chuirfí cun leabaidh iad, deiridír na paidreacha ag gabháil timcheall na huaighe doibh agus annsoin luighidír ar uaigh Íde. Ná mná ná raibh clann aca, dheinidír an rud céadna d'aonghno amháin Íde d'eadarguidhe ortha cun go mbeadh clann aca. Chreideadar araon go mbronnfaí ortha ná grástai a d'impidheadr tré eadarguidhe Íde. Dubhairt an Sagart Paróisde liom go bhfuil an lámh-scríbhinn sin ag an Árd-Déacon O Beaglí S.P. , Drugha na nDeise, fós. An scoil-mháigistir i nDruim Teársna Mainistir na Féile, Pádraig O Conaill, mac mic driotháir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig O Conaill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Athair T. O Cuirtín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Gairm bheatha
    Sagart (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cromadh, Co. Luimnigh