School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)

Location:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Teacher:
Pádraig Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 081

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 081

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Page 081
  3. XML “An Chreill Ceártan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba mhallacht an creidhill a chuir "Domhnall na Gréine (gabha) ar muinntir Freeman.
    Is amhlaidh a bhí talamh ag muinntir Uí Mathghamhna i gCnoc Uaithne (Cnoc a' Bhuine). Bhí an talamh sin i ngeall ag na Freemans. Bhí caisleán na Mathghamhnach annsúd leis. Do theasatuig ó mhuinntir Uí Mathghamhna an talamh d'fhághail tar n-ais ach ní thabharfadh na Freemans dóibh í. Chuaidh an Mathghamhnach ar mhuin a chapaill go B'lá Cliath cun dlighe do chur ar Freeman. Fad is do bhí sé annsin deirtear gur tugadh nimh dó (1857). Pe'r domhan é cailleadh é agus adeir an sgéalaidhe gur imthig an capall ar chos anáirde, nár dhein stad na staonadh go dtáinig sé ó Bh'lá Cliath anuas go dtí an cheardhcha a bhí ag Dómhnall na Gréine i n-Áthan (Tá "páirc na ceardhchann" i dtalamh Uí Mhurchadha i n-Áthan anois)
    Ba ghnáthach le Dómhnall crúidte do chur fé'n gcapall san agus ag féacaint dó ar an gcapall gan marcach, bhris an foidhne air agus chuir sé an Chreidhill ar na Freemans. Cailleadh and duine deireannach do'n dream san i dtig na mBocht tá dhá bhliain ó shoin ann. Adeirtear anois nach bhfuil ar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish