Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Beagán Briathar" a chuir Séamus Ó Catháin .i. figeadóit ó Thuirín Eochaidh, Brosna, Ciarraidhe cuig Liam Ó Cathasaig .i. saor cluiche ó Tráiglí a bhí ag obair ag Droichead na Féile.”
I
A fhir chalma de chlainn Cathasaigh agus 'ughdair leighinn,
De shean stoc na Banban ba chlumhail réim ;
Aithris dom ó theangbhas gan stiúir ar strae ,
No an fada bheidh sliocht gall-phoc i nduntaibh Gaedeal.II
(Cead focal ar lár) gan mearaidhe a cheap groidhe is 'ugdair shaor
A dhíonas is a bheartaigheas fallai, dún is dréacht ,
Glach misneach is deagh-chroidhe - ceapfar cúirt duit féin
In ionad gacha maistín, a chleachtuigheadh liúnta(i) is craosIII
Tiocfaidh an Franncach sanntach cúghainn le faobhar,
Go binibeach, namhaideach greanncach, longmhar treán
Bainfidh an ceann de dhream na múr (focal ar lár) méith
Ni fada uainn an t-am - fa Shamhain le congnamh Dé.IV
Feach ar dhanar cé'r teann an dream iad siúd san Ghréig
Oscar is Goll, Fionn mac Cumhail is an Fhéinn
Cairbre is Conn gan dabht an triúr so tréith
D'imthig gach ceann dá fheabas lúth is a léim.V
Imthéochaidh an tain so, cé táid go súgach 'na ndéidh,
Sara fada gan spás - mo lámh le siúd gan bhréig,
Mar bhárr ar an grádh, nior shásadh linn 'na ndéidh
Go mbalcfam a mná gan grádh 'na ndúntaibh féin.
(i) leomhanta (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)