Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)

Suíomh:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Pádraig Ó Coileáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí Seán is a bhean ag cainnt le céile lá; arsa Seán
"Caithfimíd bó d'fhághail, bó bheag cheanamhail is dóigh liom."
Grádh Dia t'anam cá chuirfeá isteach í ?" arsan bhean
"Dar a bpáispí a bhean cá gcuirfidhe í ach isteach annso."
"Ní thiocfaidh bó isteach cúgham" arsa Siobhán.
"Deirim go dtiocfaidh" arsa Seán
"Dhera do chuirfinn amach í leis an scuaib" arsa sí.
"Go deimhin cuirfead isteac lem bhataí" arsa sé.
"Do bheinn-se istig agus déarfainn 'hust amach'.
"Do bheinn-se amuig agus déarfainn 'hust isteac'"
Chromadar ar a chéile agus níor fhágadar blúire de'n scuaib le céile agus do bhris Seán a bhata.

Díth-céillidhe

"Tá sé a' fearthainn" ars an capall.
"Tá sé bogaig" arsan bhó
"Lá breágh aoibhinn" ars an chaora
Siúd sa díg an mionán gabhar.

Meascóir
A bhean a dubhairt mar freagra air " mo bhean is mo chlann"
........Domhnall ar meisce 's a bhean ag ól uisce
'S a leinbh a' béiceadh, leinbh ag béiceadh
Síolfahd sé d'ólfadh sé is dá mbeadh a thuill' aige
Domhnall na Gréine a chóta is a léine ...........
Bean Uí, .....
Feothanach

Bailitheoir
Domhnall de Nais
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Bean Uí
Inscne
baineann
Aois
71
Seoladh
An Fheothanach, Co. Luimnigh
Teanga
Gaeilge