School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Page 027
- XML (no title)
- XML “Scéal Páirce an Leasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Darby O' Connell came a visiting to his cousins in Clash - a stay of a week or so - some time between the years 65 and 70 of the last century.”
You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.- Bhí feirmeoir ina chomhnuidhe ar thaobh leasa timcheall fiche bliadhain ó shoin. Bhí féar fiche bó aige acht mar sin féin bhí an saoghal cruaidh go leor air.
Ní hamhlaidh ná raibh an rath air, acht b'é an rud a bhí ag déanamh buaidheartha dhó ná go dtagadh trí cinn de bhuaibh chun na buaile gach oidhche agus gan deóir bainne acu. Níorbh iad na ba ceudna i gcomhnuidhe, tá fhios agat, ach do bhíodh trí cinn díobh gach tráthnóna gan deóir bainne. Ba mhór an cailleamhaint é sin gan amhras. Ní hiongnadh go raibh an fear bocht creachta.Do lean an sgéal mar sin ar feadh i bhfad. Ba mhinic a dhein sé faire ach ba bheag an mhaith dó san. Bhí an sgéal ag dul sa mhuilleann air. Cé bhuailfeadh isteach chuige lá acht sean-bhean straichthe cos-nochtyuighthe agus rian an ocrais uirthí. Cad a dhéanfadh bean an fhirmeóra acht béile maith do thabhairt dí. D'ith an tsean-bhean é agus bhí sé ar thí imtheachta nuair d'iompuigh sí agus dubhairt:(continues on next page)