Scoil: Araglin (B.), Cill Úird (uimhir rolla 9247)

Suíomh:
Airglinn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Liam Ó Mothair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0377, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0377, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Araglin (B.), Cill Úird
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Saibhreas i bhFolach - Na Trí Dúin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá áit ar bun Cnuic Maol Domhnaig ar a dtugtar Na Trí Dúin. Is ann éirigeann an Abha Araiglinn. Is amhlaidh a bhaineann an Abha trí cúrsaí amach di fein ag deanamh dá óileán, agus sórt áite cosanta do b-eadh na h-oileain sa t-sean aimsear.
    Is ar. ceann de na -oileanaibh seo de réir beal-oideas na h-áite do chuir an beirt gadhuidhe a stór. Do mhaireadar súd timceall dá chead bliadain ó shoin. Beirt dhrithear do b-eadh iad de Muinntir Briain. Do ghoideadar agus do chreacadar gach nidh abhí ar a gcumas lamh a cur air, agus gach nídh a thuillidís chuiridís ins na trí dúin é.
    D'eirig leo ar feadh i bhfad, ach sa deire go rugadh ortha. Do chuaidh scata saighdiúirí ó Fhear Muighe lá agus chuadar timcheall ortha, agus thosnuigeadar ag scaoladh leó. Do throid an bheirt go crogha calma, go dtí na raibh a tuille pilear acu. Do marbhuigeadh duine acu agus togadh an duine eile na phriosunach agus crochadh i n gCluain-Meala é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Mothair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún gCoileáin, Co. Chorcaí