Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Colmáin agus aon líntighe de mhuinntir Duinnín agus aon líntighe de mhuinntir Carthaig na gcómhnuidhe ann.
Do bhí móin ann fadó ach tá sí gearrtha amach leis na bliadhanta. Deirtí nuair a bhí tighearna talmhan ar an áit gur chuir an tighearna geall le tigearna talmhan a bhí thall i Sasana go raibh móin aige féin ar an gCeanndroma níos fearr ná ag gual a bhí ag an tighearna eile i Sasana. Do fuair an beirt cead meadhchaint de'n gual agus cead meadhchaint de'n mhóin agus do thugadar go Corcaig iad. Ach mo léir do bhí an mhóin abhfhad níos fearr agus níos teó agus do lean sí abhfhad níos sia. Ach do bhí feall deanta ag fear na móna mar do bhí poill beaga deanta aige ins gach fód móna agus geir curtha isteach ionta. Ach mar sin féin do bhuaidh sé an geall.- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann