Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Leathanach 205
- XML “An Cheárta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé rud an ceardcha ná - tig n-a deisightear uirlisí iarrainn, agus de ghnáth bíonn sí salach agus mí-sláinteamhail. Níl oiread oibre anois le déanamh ag muinntir na ceardchan agus a bhí, mar tá na monarcain abalta iad a dheanamh, ní mar a céile é agus an aimsir fadó mar nuair a bhíodh na h-uirlisí troda ó na saigdiúirí gaedhealaca is é an gabha agus a bhuachaill aimsire a dheineadh iad.
Bíonn ceardcha suidhte beagnach ins gach sráidbhaile i dtreó is go mbéadh sí oireamhnac dos na feirmeóiríbh. Siad na h-uirlisí a bhíonn ins an cheardcain ná -:
Bíonn tulac ceardchan, builig mhóra chun séide fén dteine, inneoin cun an iarrainn do cur anuas uirthe le linn a bhuailte, soc ar an inneoin cun an iarrainn do lúbadh, órd agus ceapórd cun an iarrainn do bhualadh, teanncair cun beartha ar an iarrainn, agus bior cun poill do dheanamh.
Cuireann an gabha cruidhte fé capallaibh, fé asalaibh agus fé na capaill bheaga. Deineann sé ceactaí, bracaí, geataí, agus deisigeann sé gach uirlis iarrainn a bhíonn ag an bhfeirmeór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Céilleachair
- Inscne
- Fireann