Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Martias Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Scéal Púcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí feirmeóir ann agus bhí sé leat-lamach agus ní raibh aón nídh ag eirighe leis san tig go raibh sé. Do bhíodh a ainmhidhthe ag fághail bháis air is gach aon rud. Bhail, do bhí séomra síos ó'n gcistin agus do bhí lochta ar a gcistin agus gan aón lochta ar an seomra eile. Ba ghnáthach le muinntir an tíghe núair a bhídís ag coigilt na teine go guiridis fóid móna a bhíodh leath fluich anúas ar an teine cun go mbeidís trím ar maidin aca. Do bhíodh fear an tíghe fein 'na chodlad sa t-seomra síos ón gcistin agus do bhí poll mhóra san doras a bhí ag dul ón gcistin isteach sa seomra sin. Oidhche núair a bhí fear an tighé na leabaidh do chonnaic sé an lasair sa chistin agus d'feúch sé súas chun na teine agus is amhlaidh a bhí na fóid trioma taréis lasadh agus do chonnaic sé fear na shúidhe inaice na teine agus a bhróga bainte dhe agus é ag teigheamh a bháimpéisí leis an teine. Taréis e bheith talamm ag feuchaint air do ghlaócdh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann