Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 030

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 030

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 030
  3. XML “An Gaorthadh Cois Laoi”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mar gurb í a mháthair a bhí ar a dhrom aige. Nuair a bhí Seán faid urchair uatha do scaoil sé uaidh í agus chuaidh sé saor.
    Uair bhí fleadh ar siubhal i gCaisleán Maghchromtha phreab Seán anuas Bóthar an t-Sléibhín agus scaoil sé urchar isteach tríd an bhfuinneóig chúcha agus bhain sé an smól de choinnil a bhí i lár an bhúird.
    "Seán Ruadh a dhein é sin" arsa Hedges "agus is féidir leis mise do mharbhuighadh chomh fuiriste agus é sin do dhéanamh. Ocras atá ar an bhfear mbocht". Annsan chuaidh sé tímcheall le pláta agus chuir gach aoinne síntúis air. Fuair Seán an pláta lán de airgead annsan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Drom Réidh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Iarfhlaithe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Seanbhaile Sheáin, Co. Chorcaí