Scoil: Dún-dá-radharc (uimhir rolla 15009)

Suíomh:
Dún Dea-radhairc, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Siobhán, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 025

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún-dá-radharc
  2. XML Leathanach 025
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    innte. Cuirtí a lán daoine ins na túmbaí fadó.
    Sagart paróiste a bhí ar Cill-na-Martar agus ar Bhaile Mhúirne ón bliadhain 1800 anuas darb ainm an t-Athair Stafford is i dtúmb innte atá sé curtha. Thagadh a lán daoine go dtí a uaigh chun turasanna do dhéanamh mar chreididís go raibh leigheas san bhféar mór-thimcheall na h-uaighe. Tá a chloch cinn uaighe ar aghaidh aniar.
    Na leanbhaí do cailleadh gan baisteadh bhíodh siad curtha i gcúinne do'n Reilg agus cuirtí iad go moch ar maidin. Cillíneach a tugtar ar áit mar sin.
    Míle ar an dtaobh thiar dó'n Reilg tá "Lúibín na gCorp" agus nuair a bhíodh socraid ag teacht ó'n áird sin fadó leagtaí an cómhra ar bhárr leice a bhí i "Lúibín na gCorp" agus annsan tosnuigheadh na mná ag caoineadh go sroisidís an Reilg.
    Is ins an Reilg seo a bhí séipéal na gCatoiliceach uair amháin, ach nuair d'éirigh na Protustúnaigh láidir leagadar é agus chuireadar suas ceann dóibh féin. Bhí an Ministéir na chómhnuidhe sa "Glebe" ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Bhuachalla
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Buachalla
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ráth Luíoch Theas, Co. Chorcaí