Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Bogaleacha an t-Shatharainn clogar na seachtmhain"
    "Ní theigeann stoirm thar Domhnach na rabtha thar Céadaoín"
    "Tosach Aoine no deire Satharainn no maidin Domhnaig go h-amh Aifrinn"

    Sean Fhocail Iogánta
    "Ceo ar Mhuirise no Clárach lom
    Na cómharthaí soininne is feárr sa domhan"

    "Rabhataí ruadha na h-Inide
    Rabhatai geala na Cásga
    Rabhataí lae 'le Bríghid
    Is rabhatai lae 'le Pádraig"

    "Gach re lá go h -aoibhinn áluinn o lá Naomh - Bríghid go lá Naomh Pádhraig"
    "Gach lá go maith om' lá sa féin amach is leath mo laé-se (?) leis" arsa Páhraig

    "Ciúineas sa tráthnóna buanughadh síóna"

    "Ceó soininne ar aibhne
    Is ceó doininne ar chnocaibh"

    Deirtear má bhíonn an cead lá de Iúil in aimsir báistíghe cuiridh sé níós mo no níos lúgha ceithre seachtmhaine gan staonadh

    "Ní fuacht go h-Earrach"

    "Nodhlaigí glasa roiligí méithe"

    Má thagann gealach nua Dia h-Aoine is an aimsear briste leanann de'n fhearainn ar feadh trí mhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí