Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Beirt fhile a bhí ann agus bhídís i gcómhnuide i gcómhluadar a chéile. Mar seo oidhche bhíodar chun bualad uma chéile áit éigin ach theip ar dhuine acu agus ar maidin lar na mháireach labhair an file leis is dúbhairt.
    "Bhíos aréir ag glaodhadh ar Bhran - cú Fhínn
    Cuir 'an dhéidh agus déanfar baramhail crainn
    Ag Carraig na Caolcoille géire do tangaidh le'm shlíghe
    Dúig gan tréine mé lag marbh gan brígh"
    Freagra.
    "Más duine tusa atá túirseach caithte cráidhte
    O iomarca súlach úbhla - cúmhra agus leanna láidire
    Glac-se chúgat-sa más fonn leat teacht id t-shláinte
    Ribe do chlúmh na cú san lar na mháireach
    ------------------------------------------------------
    "Níor thuig an sáthach sámh an t-ocrach riamh,
    Agus ní raibh sámh do ghnáth ná go mbeadh folamh 'na dhiaidh,
    An tuille a bhíonn lán trághann go h-obann is go dian,
    Agus is anam a bhíonn grádh ag mhná go ghrogaire liath."
    ------------------------------------------------------
    Cómharta an t-Sheanduine
    "Imígheann a fionn ar a chús
    Imthígheann an plúr ar a phóig
    Imthígheann an lúth ar a ghlúin
    Is múineann sé anuas ar a bhroig"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge