Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An uair sin agus an galar tógálach - 'an triuch" ar mhuíntir an paróiste bhí gach tig curtha tré chéile agus gach aoinne ar a dhíceall ag iarraidh leighis d'fhághail do. [?] nár a bhí idir dhaoine in iarthar an pharóisde dá ngabhadh fear an treó ar chapall ghlas go mbeadh leigheas an triucha aige. mar seó lá agus tráth éigin roimh Lá Gobhatan Naomhtha thárla go ndheaghaidh[?] fear an treó ceudhna is a ach do mhuíntir na háite agus capall glas a bhí aige. Rith bean chuige is dúbhairt. "A fhir an chapaill ghlais cad a leighisig an triuch." Fhreagair seisean is dúbhairt ."[?] don meidhg is greim d'en [?]". Cúpla lá na dhiaidh san thárla go [?] fear eile an treó ceudhna ag marcaidheacht ar chapall ghlas. Gaibh bean an shodar cuige is dúbhairt "A fhir an chapaill ghlais cad a leighisig an triuch" labhair seisean leis is dúbhairt.
"Bainne cích circe do chuir in adharc muice
Is cleite mhuine chait do chuir á shuathadh."- Faisnéiseoir
- Seán Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann