Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 016
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Aitheanta Eoghain Ruaidh”
  5. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Sin é an file go...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Tadhg Ua Céilleachair, Doirín Áluinn, Baile Mhúirne. Tógadh is chaith a shaoghal ann. Aos 71 bliadhna. Feirmeoir. D'airigh sé na sceultha ó'n a mhuínntir 50 bliadhna o shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sagart ag tabhairt seanamóna uaidh Domhnach áirighthe. Ghlaoidh sé amach on althóir, "Bhfuil Eóghain Ruadh an féirín annsan" "Níl" arsa Eóghan "ach Eóghain Ruadh an bhéil bhinn" Bhfuil na h-aiteannta agat chómh maith arsan sagart.
    Fhreagair Eoghain is dubhairt.
    " An ceud aithne dhíobh is fior go n-oireann don cléir,
    Chun an bhúird nuair a súidheadh ar chíos na h-Eaglaise glaodhad,
    Ar bhainnis an bídh is ag ól fíonta is leana go craos,
    Is ní bhíonn acu suim ar daoine ainghise an t-shaoghail".
    "Stop stop" arsan sagart "déanfhaidh san"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Chuaidh Eoghain Ruadh isteach go gréasaidhe lá cun peidhre bróg do chur á dhéunamh is seo mar a dubhairt Eoghain.
    "Cuir mo shál ins an áit is ramhaire don stéig
    Is cuir dá mhála breághtha mine réidh,
    Bíodh do shnáithín bán, lag buidhe le céir,
    Is bíodh sí beárrtha, bláthmhar díonmhar saor".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Céilleachair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí