Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Lánúna Caoch”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh fear go dtí an aonach lá le gamhain ramhar. Tháinig ceannuigtheóir agus cheannuig sé an gamhain ar chúig phúnt coróinn. Tháinig ceannuigtheóir eile is cheannuig sé an gamhain airís agus i gcionn tamaill eile tháinig an tríomhadh ceannuightheóír is ceannuig seisean an gamhain chómh maith. Bhí an sceul go maith go dtí go raibh an t-aonach thart agus annsan d'eirig an bruighean idir an triúir ceannuightheóírí. B'é críoch an scéíl é gur seirbheáileadh an fear is d'imthigh an fear leis go Dómhnall Ua Conall ag iarraidh cómhairle. Dubhairt Dómhnall leis nuair a fhiafreóchfí ceist air fead a leigeint as. Chuaidh an fear go dtí an gcúirt agus aon cheist a fhiafróchaí air leigfheadh sé fead as. Scaoileadh an fear as a gcuirt mar gheal ar bheith símplíghe. Cuaidh Dómhnall Ua Conaill chuige ag lorg a phágh, ac leig an fhear fead as arís agus béigin do Dhómhnaill imtheacht gan a phágh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear is bean ann fadó is phósadar is bhí an bheirt caoch. Ní raibh fhios ag an bhfear in aonchor go raibh an bhean caoch is ní raibh fhios ag an mnaoí go raibh an fear caoch. Tamall tréis an pósadh fuair an fear amach go raibh an bhean caoch is fuair an bhean amach go raibh an fear caoch. Lá amháin dúbhairt duine acu le duine eile
    "Ní mise bhí caoch ach tusa bhí caoch chun mise 'bhí caoch do phósadh"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge