Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 037
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí file 'na chómhnuidhe i mBaile Mhúirne fadó darbh ainm Diarmuideach Seumais. Phós sé bean de Mhuíntir Lehane ó Chúil Caraig. Bean ana óg a beadh í is ní raibh sí ro bhlasda. Do bhí sí ag fághail an dínnéir do Diarmuid lá is bhí sí ana mhall. Bhris ar a bhfoidhne sa deire ag Diarmuid is dúbhairt.
"Gach lá annso a Shiobhán,
Do ghlacad go h-óg.
Tá an práta um dheas láimh
Is mé á ionnradh le scóp.
An cobáiste sa chorcán
Is a bharra 'na chómhair
An sliogán sa chupán
As mhearbhthall fós"- Faisnéiseoir
- Seán Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann
- Bhí Naomh Pádhruig ag múineadh an Creideamh do Oisín agus dúbhairt leis go bhfheadfhadh sé gach rud a dhéanamh. Stad Oisín is dhein sé machnamh ar feadh tamaill. Fé dheire dúbhairt sé.
"Dá bfheicfhinnse Oscar is Dia
Lámh le láimh ar "Cnoc na bFiann"
Is dá bhfeicfhinnse Oscar ar lár
Annsan déarfhainn gur fear laidir Dia."