Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Bhí spioraid i gCnoc Mhaol Dhomhnaigh tráth agus gach éinne a gheóbhadh an treo chuireadh sí an ceist seo chuige
"Coinneall agus coinnleóir ann
Agus cá bhfuil an leath-rann san"
Ghaibh fear an treó uair amháin agus léim sí chuige agus chuir sí an cheist seo air agus d'fhreagair seisean is dúbhairt
"Muileann agus uisge ag á cheann
Agus é ag sceilge thall 'sa bhfus"
Ní raibh sí sásta leis an bhfreagra agus chuir sí chun báis é. Thárla tráth eile go ndeaghaigh fear eile an treó ceudhna. Léim sí chuige arís is dúbhairt.
"Coinneall agus choínnleóir ann
Is cá bhfuil an leath-rann san".
D'fhreagair seisean í is dúbhairt
"Cuileann a bainfí um Shamhain
Do chur mar dhrom sa tig"
Ní raibh sí sásta is mhairbh sí é.
Chuir an tríomhadh fear an cúrsa ceudhna dhe tráth éigin 'na dhiaidh san. Chuir an spioraid an ceist ceudhna chuige agus á freagairt dúbhairt sí.
"Capall is máthair ar a cheann
Is é ag gabháil a' bhóthair [?] soir" Mhairbh sí é sin leis.(leanann ar an chéad leathanach eile)