School: Sliabh Riabhach

Location:
An Sliabh Riabhach, Co. Cork
Teacher:
Éamonn Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 045

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0329, Page 045

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Riabhach
  2. XML Page 045
  3. XML “Scéal - An Spioraid i gCnoc Mhaol Domhnaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. "Bhí spioraid i gCnoc Mhaol Dhomhnaigh tráth agus gach éinne a gheóbhadh an treo chuireadh sí an ceist seo chuige
    "Coinneall agus coinnleóir ann
    Agus cá bhfuil an leath-rann san"
    Ghaibh fear an treó uair amháin agus léim sí chuige agus chuir sí an cheist seo air agus d'fhreagair seisean is dúbhairt
    "Muileann agus uisge ag á cheann
    Agus é ag sceilge thall 'sa bhfus"
    Ní raibh sí sásta leis an bhfreagra agus chuir sí chun báis é. Thárla tráth eile go ndeaghaigh fear eile an treó ceudhna. Léim sí chuige arís is dúbhairt.
    "Coinneall agus choínnleóir ann
    Is cá bhfuil an leath-rann san".
    D'fhreagair seisean í is dúbhairt
    "Cuileann a bainfí um Shamhain
    Do chur mar dhrom sa tig"
    Ní raibh sí sásta is mhairbh sí é.
    Chuir an tríomhadh fear an cúrsa ceudhna dhe tráth éigin 'na dhiaidh san. Chuir an spioraid an ceist ceudhna chuige agus á freagairt dúbhairt sí.
    "Capall is máthair ar a cheann
    Is é ag gabháil a' bhóthair [?] soir" Mhairbh sí é sin leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish