Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó dárb ainm Cian na mBonn óir. Fear fáilteach flaitheamhail a beadh é ach dhein sé gníomh nár thaitn leis an sagart agus dúbhairt an sagart na a chaillfí é go mbeadh sé damanta. Bhí san go maith agus an Domhnach 'na dhiaidh bháis Cian na mBonn Óir bhí an sagart ceudhna a thug an breith air ag léig Aifrinn agus nuair d'iompuig sé amach chun an t-sheanamóin a thabhairt chonnaic sé an duine a bhí marbh - Cian ag gábhail [?]anios an t-séipéil is níor stad sé go dtí go raibh sé ag an althóir. Labhair sé annsan os gcómhair an phobuil is an t-shagairt is dúbhairt
    "Mise Cian na mBonn óir
    Ba shia mo lón ná mo shaoghal
    Níor chuireas aoinne riamh as mo thig
    Is níor cuireadh mé a' tigh Dé
    A shagairt úd a thug an bhreith
    Roimh bhreith Dé
    An áit na dúbhraís mise bheith
    Is ann a bheidh tú féin"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Céilleachair
    Inscne
    Fireann