Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear a bhí ann fado is dréir deallramh ní ró mhaith a réidhtig sé is a bhean le chéile. Lá amháin pé rud d'eirig eatortha mheas an fear an bhean a dhíbirt chun siúbhail is dúbhairt
    "Gach a ghoirm don bheatha caitheann tú féin
    is ólann tú sochar na macaig go léir
    D'á chríonacht mó mhathair do bhfheárr liom chun críche í
    Is imthig uaim láithreach no tráchtadh mé ar gníomh ort."
    Freagra na Mná
    "A fhearaire an t-uanris agus a h-uanfhir nár chuímnig,
    Go gcuirfeása uait mé chómh suarach is do shílis
    Cuir brat ar mo ghualainn agus fuaimeat[?] chun slíghe orm
    Agus ní iarrad mar dhualghas ach a bhfuaras ó'm mhúintir."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Céilleachair
    Inscne
    Fireann