Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 018
- XML “File ó Bhaile Mhúirne agus File ó Ghleann Fleisce ag Bualadh um a Chéile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Labhair fear Ghlanna Fleisge annsan is dúbhairt
"Sa ghleann so níor luisc níl samhar[?] caille dubh
Ach caol-fhir is [?] mhúinte,
Puinn ní ghabhann soir mar leigheas an a [?]
O aoinne dhá bhfuil san dúthaidh
Ach bradáin geala is bric ón sáile na dtigh,
Agus báid fútha san ag brúchtaig.
Leamhnacht na shruth, ím le cúl tuirc is féile 'na mbun gan dúilradh."
------------------------------------------------------
Labhair file o Bhaile Mhúirne annsan is dúbhairt
"Sa Ghleann sin na Fleasga is ramhar dubh gach caille
In dhéaramh, i ndreach, is a tuarla,
Ná ramhar mairt nuair a ghodfhair gach am acu d'á threasgairt
Is d'á abhach ins an dtalamh fútha.
Ann-san go slachtmhar ceann ortha go screathach in amhras nár bfanid siúnta"
--------------------------------------------------
Labhair File Bhaile Mhúirne arís is dúbhairt
"B'ineann so áithreabhadh so Bhaile Mhúirne,
Bíonn grásta acu ó'n athair mánlacht na n-atha, náire agus taise mhúinte
Is breágh deas é a bhflatha, breágh gorm no dearg
Na gnáth síoda le n-ais ó lúndain,
Bróg chaol canta sál árd bara, cáimreach na gcap go fiúbhair ionnta"- Faisnéiseoir
- Tadhg Ua Céilleachair
- Inscne
- Fireann