Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Scéal - Ní Bhíonn Íseal ná Uasal ná go mBíonn Thíos Seal is Thuas Seal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Duine uasal a bhí ann agus bhí sé ar bharra [?] in aghaidh an laé. Ní fheadar sé cad é an rud an donus mara bé an damhs é. Bhí an biadh a b'fheárr a bhí le fághail aige is an t-iasg ga ghile is ba dheighbhlasda.
    Do ráinig go dtáinig sé de chor sa t-saoghal go raibh rith an chinn síos air. Ó lá go lá bhí se ag caill a chuda ag bochtanughadh is ag dul chun deirig. In dheire na dála ní raibh aige ach seana caoire dubh. Tháinig an Nodhlaig. Marbhuigheadh an caoire mar ní raibh aon fheóil eile acu. Shuig an duine chun an bhúird nuair bhí an feoil beirithe ach bhí sé cómh righin le gad ach mar sin féin chaith sé bheith sásta. Tréis an dinnéir dúbhairt sé is é go diombádhach.
    "Nuair a theipeann an bradán geal agus an fiadh
    Is maith an biadh an caoire dhubh"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Céilleachoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí