Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 301
- XML “Scéal”
- XML “Scéal eile i dtaobh an tSagairt Chéanna is é seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin tháinig fear go dtí an t-Athair Seán de Paor a bhí ina shagart pharóiste sa Léim céad bliadhain ó soin. Tháinig sé chun leighis d'fhághail mar bhí cos tinn aige acht sar a chuaidh sé isteach sa tigh chuaidh sé isteach i siopa éigin agus d'innis sé a thrioblóid do'n fhear a bhí istigh sa t-siopa. Níor chreid an duine siúd go bhféadfadh an sagart aon leigheas a cur air agus bhí sé ag magadh fé.
Níor stad san an fear amhthach agus seo leis cuig an t-sagairt agus d'innis sé a scéal do'n sagart agus fé mar a bhí an siopadóir ag magadh fé. Do chuir an sagart leigheas air agus dubhairt sé leis an bhfear dul isteach go dtí an siopadóir ar a dhul abhaile do. Dubhairt sé go ndéanfadh sé amhlaidh agus do dhein agus nuair a chuaidh sé isteach bhí a chos féin tar éis eirghe tinn ag an bhfear istigh. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.