Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 298
- XML “Éisc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a crothadh annsan sa bhfairrge. Tugtar Rinn na gCrothóg ar an áít is feárr chun na h-iascaireachta sin i gCuan Dor.Sean-nós ag na daoinibh annso is eadh dul ag bailiú báirnigh agus miongán ar Aoine an Céasta. Bíonn rabharta ann an lá úd agus caoi maith chun a mbailithe.Iasc beag eile as an coitciantacht is eadh "Cobbler," tá sé cosúil le frog agus an méid céadna ann agus is mór an spóirt a bhaineann an t-aos óg as bheith a dhiarraidh breith air.Leasmuigh de Chuan Duir tá bágh Chuan Duir ó Ceann Dúín Deaghda go dtí an Oileán Árd agus tugtar an Made nó Maid air. Deir daoine gurab é an focal "Méid" atá i gceist.Tugtar "stáca" (stack) ar an spíce carraige chois fairrge annso e.g. "The Stags," "The Stack of Beans."Tá slab in aice na Léime agus bionn na lachain fiadhaine go flúirseach ann i rith an Gheimhridh agus fadó deintí breith ortha le Snare agus b'é an baoite a bhíod aca ná prátaí sáithte isteach sa láthaigh.