Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 277
- XML “Cistí Óir”
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall leath-shlighe idir Cuan-Dor agus Ros Ó gCairbre tá fotharac de shean-thigh suidhte agus ba le muinntir borringer é fadó. Bhí faithche mhór ar aghaidh an tighe amach agus geataí airgid sa mbearnan ag dul isteach go dtí an faithche ó le linn an Eirghe Amach sa bhliain 1641 deineadh iarracht ar an áit a gabháil agus goideadh na geataí airgid—dha ceann a bhí ann. Tugadh iad go dtí Loch an Bhricín—sin loch beag atá suidhte timcheall leath-mhíle slighe soir ó dheas ó'n séipéal nua a tógadh i gCuan-Dor agus caitheadh isteach annsan iad agus deirtear go bhfuilid ann ó shoin.
- Timcheall trí céad slat lastuaidh de'n droichead ó Cuan Dor go bréan Tráig ar aghaidh an bhóthair ó Cuan Dor go dtí an Léim amach tá tráig beag agus deintear go bhfuil trí fircíní d'ór curtha ós cionn an trágha. Ní fhios cé cuir ann é ná cad fá acht níor deineadh aon iarracht ar é d'fhághail mar deintear go bhfuil fear gorm mar gárda cosanta air agus go gcuirfeadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)