Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 347

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0331, Leathanach 347

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 347
  3. XML “An Tig Nua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí fear ann uair agus do bhí sé pósta agus do bhí feirm ana dheas aige. Aon lá amháin do tháinig beirt daoine-uaisle ag triall ortha chun na feirme do cheannach cé nách raibh aon coinne aca go ndíolfaidís é ach do dhíoladar.
    Tháinig an beirt isteach agus bhíodar ag coinne ar feadh tamaill mhaith agus ansan do thug bean a' tighe rudaí le n-ithe dhóibh agus d'itheadar é go blasta. Nuair a bhí sé ithte aca dubhairt duine des na daoine-uaisle le fear a' tíghe an ndíolfadh sé an fheirm agus dubhairt sé ná déanfadh sé é sin go deó agus níor theastaig uaidh é do dhíol ach ar ball do chuimhnig sé ar é do dhíol agus d'fhiafraig sé dí cad a thabharfadh sé dhó air agus dubhairt sé go dtabharfadh sé aon rud in-aon-chor ba mhaith leis do agus dubhairt an fear go ndíolfadh sé é ar chúig céad punt agus dubhairt an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Chathasaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Bn. Pádruig Uí Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Cheapach Thiar, Co. Chorcaí